Dhúisigh mé ar maidin agus chuala mé smólach ag ceiliúradh. Níl fhios a'm an t-ábhar leis seo, ach tháinig an dán/amhrán seo le Art Mac Cumhaigh i m'intinn. (Íomhá an smólaigh, is dócha!) Nuair a rinne mé cúrsa ar fhilíocht na haislinge ar an ollscoil, b' é Art Mac Cumhaigh an file is ansa liom. Tá sé suntasach gur tháinig seo chugam, óir táim gafa le traidisiún Oirialla agus Gaeilge Uladh fá láthair...
Ag bruach Dhún Réimhe ar uaigneas lae,
Ba shnuamhar géaga
bláth-gheal,
Chualas géimneach
chuantaí Éireann,
Agus fuaim sa spéir in
áirde;
Bhí na duile 'teitheadh
's a gcúl le chéile,
Is gnúis na gréine
báite,
Is slua na n-éan ag
fuagradg scéil,
Le gruaim gur éag na
cága.
Nár choíte mé 'mo luí
i bpéin,
Go bhfuighinnse scéal an
ábhair,
Nó an é críochnú an
tsaoil mar mhíníos cléir,
A bhí 'triall ar Ghaeil
an lá sin?
Bhí uafás gaoithe is
fuaim san aer,
Le síor-chur laidhg is
táirneach,
'S na hualaí éisc le
gruaim gur éag
'Na gcuail ar thaobh na
trágha.
Tráth chonaic mé an
spéir 's gach ní faoin ghréin,
Is an saol faoi éiclips
ábhal,
'Sé smaoineas féin gur
mhithid damh teitheamh
Go dún na gcraobh 's na
fáilte,
D'éirigh an smaolach
cumhra le béalbhinn,
Aníos ar ghéagan láimh
liom,
Is ba bhinne ná téada
milse Orphéus
Ceiliúr an éin dob'
áille.
“A smaolaigh chléibh, ó
tchí tú féin
Gur cloíodh Sliocht Gael
san áit seo,
Tabhair éirí léim i lúb
an aeir,
Is beir sitheadh i gcéin
thar sáile;
Mar 'bhfuighidh tú fréamh
de ghaol Uí Néill
I dtíorthaibh tréan na
Spáinne,
Agus aithris don mhéid a
mhairfeas ón éag
Gur scaoil a n-aolchloch
álainn.”
Tráth chualaidh an t-éan
mé a' lua Síol Néill,
Le gruaim gur éirigh in
áirde,
Bhí a sciatháin scaoilte
síos go féar leis,
Is bhuail sé a thaobha
go cráite,
Is dúirt gur buartha
baoth mo scéal,
Ó chuaigh faoi liagaibh
sparrtha,
Is má chuartaír féin na
tuambaí céanna
Gurb ualach cré 'gus
cnámh iad.
D'fhiafraíos féin de
phlúir na n-éan,
Dob úire d'éanlaith
phárthais,
Nár fhuagair sé an dún
ba saibhre –
Creagán na gcraobh –
le gárthaibh,
Nó an gcualaidh na
tréanfhir dob uaisle 'Shíol Néill
Gur tuairngeadh saothar a
lámhaibh,
'S iad a ruaigfeadh an
méid seo uainn as Éirinn –
Sluaite Shéaghan is
Mháirtín.
'Eoghan Rua, mo léan thú
fuar i gcré,
'S tú ruaigfeadh an
cheithearn ghallda,
'S gur fuadaíodh Féilim
uasal tréitheach,
Go Cúigeadh Laighean dá
bhású,
Tiarna Uíbh Éathach bhí
ar uaislibh Gael,
Nó gur chríonaigh an
t-éag a chnámha,
'S cá bhfuighfear a
léithid arís chun féidhme,
Ó síneadh an méid seo
i gclárthaibh.
“Go Tír Eoghain má
théir, gheobhair pós is céad,
Is treorú an scéil go
dáimhiúil,
Mar a bhfuil na laochra is
dílse méin
Tá líofa tréitheach
láidir”:
“Tá'n cháin seo réidh
chun sásamh an té
'Bheir smál ar Ghaeil an
lá seo,
Is a phlúir na n-éan, na
humhlaigh don éag,
Nó go dtiofaidh Sliocht
Néill dod thárrtháil.”
“Ó bhreoigh tú mé le
glór do bhéil,
'S nach bhfoghthar le
leigheas ón bhás mé,
Go Cóigeadh Laighean is
cóir dúinn gléas,
Go Dún Uí Néill ar
mársáil”;
“Ór na Gréige is stór
na hÉiphte,
Is ceol na dtéad ar
chlársaigh,
'S ní fhóirfeadh an méid
sin, is foghaim go léir é,
A stóir, mura n-éagfainn
láimh leat.”
Art Mac Cumhaigh
An file ag caoineadh toisc go bhfuil Caisleán Uí Néill ar lár agus óigfhir an teaghlaigh thall sa Spáinn.
Príomháras mhuintir Néill an Fheadha a bhí i gCaisleán na Glasdromainne. Is cosúil nár tógadh é go dtí deireadh an 16ú haois. Rinneadh damáiste mhór dó i rith an chogaidh i 1642 agus chaill Sir Éinrí Ó Néill seilbh air i 1655. Tháinig an caisleán i seilbh Thomas Ball, an plandóir is mó de lucht leanúna Chromail a fuair talamh sa cheantar.
Sa bhliain 1711 fuair Pádraig Ó Murchú as Béal Coitín i nDeisceart Lú léas ar an Ghlasdromainn agus scrios sé an caisleán. I dtús na haoise seo is é an traidisiún a bhí beo gur úsáid sé na clocha le teach a thógáil agus píosa de bhóthar a dhéanamh. Sin an t-am a chum Séamas Mac Cuarta a dhán léanmhar, ag caoineadh "áras na seirce". Ní féidir go bhfaca Mac Cumhaigh níos mó ná fothracha an chaisleáin i 1750-70. Bhí siad ina seasamh go fóill sa chéad leath den 19ú haois agus tá siad luaite ag Donaldson, Upper Fews (1838) agus Nelson, MS. History of Creggan (1840). Níl rian ar bith den chaisleán a fheiceáil inniu, ach bhí sé suite ar an talamh carraigeach os cionn an locha.
(as Art Mac Cumhaigh: Dánta, eag. Tomás Ó Fiaich, An Clóchomhar, 1973)