Dé Máirt 28 Meitheamh 2011

Béaldath

Bhí colainneacha im' thimpeall,
deilbheacha ban dom' chorp balbh
a mhealladh, a n-áilleacht ar thóir
mo shúile - bhí mé náireach,
croí reoite i measc teas na n-óg.
'S ansin tháinig tú chugam
le do bhéal dínáireach dearg
chun mo bhéal-sa a smearadh
le póg; agus póg eile.
Choinnigh tú m'éadan id' lámha,
's le do mhéara néata
rinne tú iarracht
an smearadh dearg a réiteach
- ach d'fhág tú smál orm.


© Alison Ní Dhorchaidhe 2010

No comments:

Post a Comment