Dé Máirt 28 Meitheamh 2011

Caoimhín Naofa agus an Chéirseach

Le teacht an Charghais,
imíonn Caoimhín leis
chuig bothán caol,
leac ghlas mar leaba dó;

Glacann sé faoiseamh
ó chomhrá na ndaoine,
i bhfabhar machnaimh
i bhfochair éan 's ainmhithe.

Leabhar ina lámha,
úlla bána 'na thimpeall
ar na sailí cromtha,
siúlann an fear naofa -

Ar chiumhais na coille
a shroicheadh, stadann sé -
Ciúnas. Corp beag dubh
leagtha ar an talamh:

Lon dubh bocht, marbh.
A chlúmh lonrach fós,
gob néata buí, balbh.
Tost ar an gceol go deo.

An guth chomh glinn sin,
's é ag gairm ón tsailleach!
Bhí an lon grinnsúileach,
díograiseach mar chomharsan.

Trua ina chroí dó,
guíonn an naomh ar a shon,
a lámh mhothálach
sínte uaidh amach.

Tagann céirseach ón gcoill
chun tuirlingt ar a bhos;
baintreach úr, cumhach
i ndiaidh a céile.

Is foighneach an fear,
's caomh, go deimhin -
coinníonn sé a lámh mar sin
go ndéanann sí nead inti.

Mar lomán faoin éan
a lámh anois, go dtabharfaidh
amach an líne; is géar mór
pian na comaoine.

10 Aibreán 2011


© Alison Ní Dhorchaidhe 2011

No comments:

Post a Comment