Dé Máirt 28 Meitheamh 2011

Comórtas Uí Néill - Cuairt na bhFilí Albanacha


Bhí cara nua liom le Gàidhlig aige, Teàrlach Quinnell, gearrliostaithe i gComórtas Uí Néill, a bhí ar siúl i gCois Teallaigh ar Shráid Chill Dara dé hAoine seo caite. Níor bhuaigh sé an duais, ach ní rud tábhachtach é seo - chuir sé a chuid filíochta amach san atmaisféar, á roinnt le filí eile na hÉireann agus na hAlban, ó Ghael go Gaeil. (Is Sasanach é, ach pé scéal é - is Gael é ina anam.) Bhí Caitríona Ní Chléirchín ag glacadh páirte sa chomórtas chomh maith, i ndiaidh seachtaine gnóthaí caite aici ag an gCúirt i nGaillimh. Tar éis dian-staidéir a dhéanamh ar fhilíocht na hAlban mar chuid dem' chúrsa (ó Shomhairle MacGill-Eain go Meg Bateman), bhí mé ag tnúth leis an bhfilíocht a chloisteáil i bhfuaimeanna Gàidhlige, agus dearcadh eile a fháil sa nua-fhilíocht á scríobh acu thall in Albain. Agus ní raibh díomá orm.

Bhí Somhairle MacGill-Eain mar scáil chairdiúil tharainn ag an ócáid, lena chuid filíochta agus grianghrafacha de  mar chuid den taispeántas atá ar siúl ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gCois Teallaigh faoi láthair, ag ceiliúradh an chaidrimh idir Éire and Albain. B'iad Aonghus Pàdraig Caimbeul agus Bríd Ní Mhóráin moltóirí an chomórtais seo, agus bhain mé an-sult as a gcuid filíochta féin, agus an chaoi a spreag siad na filí óga chun misneach agus bród a bheith iontu féin agus iad i mbun scríbhneoireachta chun a véarsa féin a chur le traidisiún saibhir na Gaeilge agus na Gàidhlige araon. Bhí amhránaíocht againn ó Joy Dunlop, bean an-spraoiúil agus í ag caint, an-mothálach agus í ag casadh amhráin nó poirt, agus ceol ar an bhfidil ó Shona Masson (d'fhoghlaim sí an fhidil nuair a bhí sí 9 mbliana d'aois, agus is saineolaí í anois!). Leigh Pàdraig MacAoidh a chuid filíochta nua féin (agus sraith véarsaí de chuid Rody Gorman le haghaidh an chomórtais, toisc narbh fhéidir leis a bheith ann), agus roinn sé dán neamh-chríochnaithe de chuid Shomhairle MhicGill-Eain ag oscailt an chomórtais, rud a bhí an-cumhachtach dom mar leantóir mór de Shomhairle! Bhraith mé go raibh sé inár bhfochair. Bhronn na moltóirí an duais ar Phroinseas Mac a' Bhaird, dála an scéil, dá dhán 'Bróga', léite amach ar bhealach a bhí an-corraithe ag Ríona Nic Congáil, toisc nárbh fhéidir leis a bheith i láthair ach oiread.
Bhraith mé go raibh mé tar éis freastail ar ócáid thar a bheith tábhachtach agus mé ag caint le Teàrlach agus  le Scott de Buitléir i gclub Chonradh na Gaeilge nuair a bhí an comórtas thart. Táimid uilig ag tnúth go mór leis Cuairt na bhFilí Albanacha a leanúint ar aghaidh agus a fheabhsú sa todhchaí, agus go mbeidh níos mó comhoibrithe idir Éire agus Albain as seo amach; tá an traidisiún agus an oidhreacht céanna againn, ag deireadh an lae. Measaim go bhfuil níos mó comhthuisceana eadrainn ag teastáil, agus níos mó spéise ag Éireannaigh i stair agus cultúr na hAlban a spreagadh. I dtraidisiún fhilíocht na hAlban, faightear Albanaigh ag breathnú siar go hÉirinn mar lár-ionad na nGael, ach ní bhreathnaíonn na hÉireannaigh ar ais go hAlbain; ba chóir gur coimeádadh teangmháil eadrainn. Bhí sé íorónta go raibheamar ag brath ar an mBéarla chun na hÉireannaigh/Albanaigh Gaeilge/Gàidhlig a thuiscint ag an gcomórtas - bhí mé ag ceapadh go raibh an Béarla mar Shruth na Maoile eadrainn! Cén chaoi a d'éirigh muid chomh scartha óna chéile?

Ar ais chuig an bhfilíocht; ceapaim go bhfuil an-cuid le foghlaim ag filí Éireannacha ó fhilí Albanacha. Nílim ag caitheamh anuas ar fhilíocht na Gaeilge, is aoibhinn liom í, ach i ndiaidh an dian-staidéir a dhéanamh ar na filí Albanacha, táimse den tuairim go bhfuil caighdeán níos airde acu, ó thaobh íomhánna, stíle agus teanga de. Ceapaim go mbaineann an caighdeán seo le tionchar Shomhairle MhicGill-Eain - cé gur chruthaigh sé filíocht nua-aimseartha agus nithe nua as a thaithí féin, ag tarraingt tionchar ó litríochtaí eile isteach chun filíocht níos domhanda, níos nua-aimseartha a chruthú, bhí sé i gcónaí dílis dá thraidisiún féin, go háirithe do thraidisiún na hamhránaíochta a bhí chomh saibhir i measc a mhuintire fhéin. Agus bhí tionchar mór ag Somhairle ar lucht a linne agus ar fhilí a tháinig anuas ina dhiaidh, agus tá tionchar uaidh fós ar fhilí nua ár linne, ar ndóigh. Braithim, mar sin, go bhfuil an bearna idir an sean agus an nua i bhfilíocht na hAlban níos cúinge, agus go bhfaightear litríocht níos leanúna ann. 
Ba chóir go mbeadh mé ag rá go bhfuilimid in ann an-cuid a fhoghlaim óna chéile - tá traidisiún filíochta, amhránaíochta agus ceoil láidir saibhir againn, agus táim ag súil go mbeidh muid in ann é a roinnt le chéile.

No comments:

Post a Comment