Dé Máirt 28 Meitheamh 2011

W.B. Yeats - Daire Mhór na Filíochta


W.B. Yeats in New York in the early '20s
[Scríofa 13 Meitheamh 2011]
Rugadh Yeats ar an lá seo sa mbliain 1865. Breithlá sona, a Gheataigh! :)

Tá ‘fhios ag mo chairde uilig go bhfuil ról tábhachtach ag Yeats i mo shaol - is mór an tionchar atá aige orm, go háirid ó thaobh mo chuid scríbhneoireachta dhe. Eiseamláir amach is amach é dom. Tháinig mé air don chéad uair nuair a cheannaigh mé leabhar dá chuid, cnuasach dá dhánta roghnaithe, sa siopa leabhar Chapters nuair a bhí siad suite ar Shráid na Mainistreach. Níl ‘fhios agam cén fáth a bhraith mé tarraingthe dá shaothar, ach is cosúil gur thaitin na híomhánna a bhí á léiriú ós comhair shúil m’intinne nuair a léigh mé cúpla dán sa siopa roimh an cnuasach a cheannach. Bhí draíocht ag baint lena chuid focla… Tá sé deacair dhom a mhíniú, ach bhí sé ar nós go raibh láimh dhíchollaithe ag cur greama orm as na bileoga! Bhraith mé an rud ceannann céanna nuair a chuaigh mé i dtaithí ar litríocht na Gaeilge. Anamacha a bhí marbh le fada ag caint liom, dom’ impí, agus bhraith mé coibhneas nó aifinideacht leo… Pé scéal é. Ansin, chas mé ar Yeats aríst nuair a rinne muid staidéar ar a chuid filíochta le haghaidh na hArdteiste, agus b’shin an uair a thosaigh an oibseisiún seo i gceart! Bhí spéis ag Yeats sa ndraíocht agus san osnádúr, agus measaim gur seo an príomh-rud a tharraing mé dá shaothar. Agus mé i mo dhéagóir, bhí sórt spreagadh nádúrtha ionam chun na págántachta; d’aimsigh mé mo chreideamh ionam fhéin, agus as sin amach deimhníodh mo fhealsúnach sa domhan mórthimpeall orm trí smaointeoireacht agus fealsúnach daoine eile. Ach ba Yeats an chéad duine a aontaigh liom beagnach go huile ‘s go hiomlán.

Léigh mé chuile leabhar ar Yeats a raibheas in ann a aimsiú chun a thuilleadh eolais a fháil, ag lorg mé fhéin oiread agus mé ag iarraidh dul in aithne ar Yeats féin! Cuireadh tús le mo shaol acadúil i gceart nuair a fhreastal mé ar an Scoil Samhradh Yeats i Sligeach sa mbliain 2006, th’éis dhom m’Ardteist a chríochnú. D’fhill mé ar ais chuile bhliain, ar nós fáinleoige. (Chaill mé amach ar an scoil anuraidh, óir go raibheas i mbun mo thráchtais Mháistreachta.)
Chas mé ar chairde agus smaointeoireacht den chéad scoth ag an scoil sin, agus caithfidh mé a rá go bhfuilim go mór faoi chomaoin na scoile, agus murach í ní bheinn mar atáim inniu. Tá an-chuid deiseanna ag baint le hinstitiúid dá sórt do dhaoine acadúla óga. Ní raibh sé chomh deacair dul isteach ar an ollscoil i ndiaidh taithí caite agam don chéad bhliain sa Scoil Samhradh Yeats; ní raibh faitíos orm mo chuid smaointí a roinnt leis na ranganna i UCD óir gur bhraith mé go raibh siad deimhnithe agus spreagtha i measc acadóirí a thaistil ó chuile chúinne na cruinne thuas i Sligeach.

Bhraith mé, agus braithim fós, go bhfuilim go mór faoi scáth Yeats agus mé ag déanamh iarrachta ceird na filíochta a chleachtadh. Is maith an rud é go bhfuil meán na Gaeilge agam chun mo ghuth a scaoil amach, nó bheadh na focla tachta i mo scornach! Is deacair an rud é a bheith i mbun scríbhneoireachta agus tionchar mór ort ag scríbhneoir cáiliúil eile. Bíonn an-chuid scríbhneoirí ar fud an domhain ag dul i ngleic le Yeats. Mar a dúirt an file Austin Clarke,
“So far as the younger generation of poets are concerned, here in Ireland, Yeats was rather like an enormous oak-tree which, of course, kept us in the shade, and did exclude a great number of the rays of, say, the friendly sun; and of course we always hoped that in the end we would reach the sun, but the shadow of that great oak-tree is still there.” (Rodgers [ed.], “W.B. Yeats” in Mikhail [1977], W.B. Yeats: Interviews and Recollections, pp. 316-33, at p. 330)
D’éirigh mé sórt scartha ó Yeats nuair a thosaigh mé ag leanacht bhóthar na Gaeilge. B’fhéidir gur maith sin, chun mé fhéin a fheabhsú lasmuigh de scáth na darach móire sin! Ar ndóigh, tá sé tábhachtach teorainneacha do goirt a fhairsingiú. Bhí sé i gcónaí ann, áfach, i gcónaí ar chúl m’intinne cibé a bhí ar siúl agam. Feictear dom go raibh tionchar ag traidisiún na Gaeilge air, agus cé nach raibh sé in ann an teanga a fhoghlaim (rinne Bantiarna Gregory cúpla iarracht an teanga a mhúineadh dó!), rinne sé a seacht ndícheall spiorad an traidisiúin sin a chur chun cinn, agus é a spreagadh ar stáitse an domhain. Sílim go bhfaca mé an spiorad sin ina shaothar, agus sin an fáth nach mbraithim gaol ceart idir mé fhéin agus scríbhneoirí Béarla eile, seachas eisean. Ba é Yeats duine de na chéad scríbhneoirí a chur aird ar thábhacht an bhéaloidis, agus cuireann sé as dom nach dtugann lucht an Bhéaloidis in Éirinn meas dó mar gheall ar sin. D’aithin Yeats an chumhacht atá ag baint leis na scéalta agus deas-gnáthanna a bhí (agus atá, in áiteacha) ag “na gnáthdhaoine”, agus b’ionann dó creidimh seo na ndaoine agus an nóisean aige de spioradáltacht choiteann ag an gcine daoine. Chonacthas dó go raibh siombailí agus móitífeanna i neamhchomhfhios an chine dúchais (tagtar orthu i mbrionglóidí), agus go raibh siad ar fáil d’ fhilí agus do scríbhneoirí chun litríocht “náisiúnta” a chruthú ar son na tíre. Sin a bhí ar láimh aige nuair a bhunaigh sé Amharclann na Mainistreach le Bantiarna Gregory agus Edward Martyn. Mhol sé nach mbeimis in ann fíor saoire na tíre a bhaint amach gan dul ar ais i dtaithí ar chultúr na tíre chun spiorad agus dearcadh dúchais an chine a mhúscailt. Agus b’shin roimh chritic an iar-choilíneachais!

Ní raibheas ag plé le Yeats le fada, áfach, óir go raibheas ag díriú ar an nGaeilge agus ar an nGàidhlig, go dtí mí nó dhó ó shin nuair a chuaigh Tile Films i dteagmháil liom mar gheall ar chlár teilifíse ar TG4, Cé a Chónaigh i Mo Theach-sa?, clár ina dtugtar cúlra dúinn de thithe cháiliúla ar fud na tíre. Nílim chun mórán a rá faoin tionscadal sin go fóill, ach abraimis gur bhraith mé ag an am go raibh an file mór ag dul ar ais i dteagmháil de shórt eicínt liom, go raibh sé ag teacht ar ais i mo shaol, ach i gcomhthéacs na Gaeilge ar an mbabhta seo. Ba mhór dom an deis sin a tharraing Yeats agus an Ghaeilge le chéile; tá sé i gceist agam an nasc sin a spreagadh sa todhchaí. Táim ag filleadh chuig an Scoil Samhradh Yeats i mbliana chun ceardlanna teanga na Gaeilge a thabhairt do na mic léinn eile, agus beidh mé ag freastal ar an scoil agus na hócáidí uilig. Rud suntasach freisin ná go mbeidh Nuala Ní Dhomhnaill i láthair i mbliana, file a ndearna mé iniúchadh ar dhánta dá chuid dom’ thráchtas. Is cinnte go mbeidh mé bainteach le Yeats aríst amach anseo…

No comments:

Post a Comment