Dé Máirt 16 Lúnasa 2011

Dhá dhream atá scoilte ag an teanga chéanna

Táim ag scríobh an bhlag seo th'éis dom dá halt a léamh i nGaelscéal, an buncheann ag Colm Ó Broin agus freagra scríofa ag cara maith liom, Scott de Buitléir. Tá siad beirt ag plé le ceist na hathbheochana Gaeilge, agus an fhadhb atá againn leis na canúintí agus le foghraíocht na teanga. Seo fearann contúirteach, agus conspóideach! Nílim ach chun cúpla smaoineamh agus mo thuairimí fhéin a roinnt ar an ábhar seo.

Ní dóigh liom go mbeidh an Ghaeilge ina príomhtheanga sa tír seo go deo, ar an drochuair. Caithfidh muid a bheith réalaíoch faoin bhfiric sin. Sin ráite, tá seans ann go mbeidh sí ina mionteanga bheo bhríomhar, agus ceapaim go bhfuil sin le feiceáil anois, ar bhealaí. Beidh orainn a thuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun í a chur chun cinn i gceart, agus buailfidh muid le constaicí gan amhras (.i. mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta seo, le Gaeilgeoirí ag dul ar imirce agus rialtas gan spéis sa teanga nach bhfuil chun airgead a thabhairt don chúis.)

An rud a chuireann faitíos go mór mór orm ná an deighilt seo atá rí-shoiléir i measc lucht na Gaeilge. Is cuimhin liom ráiteas ag Yeats faoi Éirinn, rud eicínt mar "an tír chomh beag sin, ach an iomarca fuatha inti"! Tá an ceart aige! Is mionphobal é pobal na Gaeilge, agus ba chóir go mbeidh muid aontaithe agus ag réiteach lena chéile! Ach níl sin mar atá, faraor. Braithimse i mo shaol é, caithfidh mé a admháil, sa méid is nach mbím ar mo chompord i measc mhuintir na Gaeltachta. (Tá sé go dona a rá, ach táim níos compordaí agus mé ag caint le Gaeilgeoirí Meiriceánacha!) Bíonn faitíos orm go ndéanfaidh mé botún, agus nach mbeidh mé in ann duine Gaeltachta a thuiscint. Bíonn faitíos orm a bheith sa nGaeltacht, óir nach cuid den phobal mé. Is outsider mé. Ar an ollscoil, cuireadh béim ar theanga, stair agus chultúr saibhir na Gaeltachta. Agus cuireann sin an-bhrú ar an nGaeilgeoir uirbeach, agus tugann sé coimpléasc dó a chuireann isteach ar a chumas teanga. Tá an grá céanna (nó b'fheidir níos mó, i gcásanna áirithe!) ag lucht Ghaeilge na gcathracha don teanga agus don chultúr, ach beidh muid lasmuigh den scéal go deo. Beidh muid íochtarach ó thaobh na Gaeilge dhe go choíche. Tá muid chomh éagsúil óna chéile. Is pobal réasúnta dúnta í an Ghaeltacht, óir go bhfuil siad ar a gcosaint fhéin, is cosúil. Táimse in ann sin a thuiscint, gan amhras. Tá siad chomh iargúlta sin, agus is cuma leis an rialtas atá suite i mBleá Cliath. Is coimeádaithe an traidisiúin iad muintir na Gaeltachta, agus tá cuid againn sna cathracha ag iarraidh ár gcultúr a fháil ar ais dúinn fhéin. Feictear dom, áfach, nach bhfuil an Ghaeltacht réidh leis an eolas rúndiamhair seo a roinnt linn. Ach nach Éireannaigh muidne freisin? Nach Gaeil muid freisin, óir go bhfuil an teanga againn? Ach an bhfuil? Agus an bhfuil an teanga againn i ndáiríre, fiú?? Is fuath liom an pholaitíocht a bhaineann leis an teanga! Actually, tá faitíos orm leis seo a rá, ach feictear dom go bhfuil lucht na Gaeltachta níos oscailte roimh dhaoine ó thíortha eile ag teacht isteach chun an teanga a fhoghlaim. Ní dóigh liom gur rud Gaelach sin, ach rud Éireannach sa méid is nach mbaineann sé leis an nGaeilge amháin...

Is Gaeilgeoir Bhleá Cliathach mé, agus tá difear idir an cur amach atá agam ar an teanga ná mar a bheadh ag duine as an nGaeltacht. Dá bhrí sin, ní bheidh an teanga céanna againn. I dtosach, d'fhoghlaim mé an teanga, níl sí agam ó dhúchas, agus ní labhraíonn éinne de mo mhuintir í. Bhí múinteoirí scoile agam as Ciarraí, ach roghnaigh mé Gaeilge Chonamara nuair a shroich mé an ollscoil óir go raibh mo dhaideo as Gaillimh. Mar sin, tá mo chuid foghraíochta measca; caithfidh mé a bheith comhfhiosach leis an mbealach a fhoghraím mo chuid focla. Agus tú i mbun comhrá nádúrtha, áfach, imíonn sin as an bhfuinneog! Tá tú ag triail lena bheith liofa, chun tú fhéin a chur in iúl. Freisin, nílim chun mo réimse focla a leathnú de réir na canúna atá roghnaithe agam - bainim leas as an bhfrás "go hainnis" nuair a bhíonn rud eicínt really go dona. Thaitníonn an fhuaim liom chun an bhrí a chur in iúl! Go hainnis! Táimse fós ag iarraidh an chanúint Chonnachta a bheith agam, ach le mo bhlas Bhleá Cliathach fhéin a choimeád - nílim chun a bheith 'bréag' dom fhéin, sin m' fhéiniúlacht. Éiríonn rudaí níos casta fós: táim i mo chónaí i gcontae Lú anois, agus tá nasc anseo le Gaeilge Uladh. Freisin, óir go bhfuilim ag foghlaim na Gàidhlige, tháinig an smaoineamh chugam gur chóir dom aistriú go Gaeilge Uladh. Ach táim ag leanacht le Gaeilge Chonnachta mar gheall ar mo dhaideo. Sin mo stair pearsanta.
Is foghlaimeoir mé. Beidh mé i m' fhoghlaimeoir go deo, ach chun an fhírinne a rá, nach bhfuilimid uilig inár bhfoghlaimeoirí nuair atá mionteanga i gceist? Ní bhíonn an réimse teanga chomh leathan sin ag cainteoirí mionteangacha, is cuma cén sórt duine nó cé as tú. Tá stór focal éagsúil againn atá ag brath ar na spéiseanna atá againn. Mar shampla, tá ainmneacha na n-éanacha ar eolas agam, agus níl siad ag cúpla daoine ar a bhfuil aithne agam, ollaimh ollscoile ina measc. Agus ní drochrud sin; níl tuairim dá laghad agam maidir le spórt as Gaeilge, óir nach bhfuil spéis agam ann! Is cuimhin liom nuair a chuaigh mé chuig an nGaeltacht don chéad uair, i gCorca Dhuibhne, agus chuir muid mearbhall ar bhean an tí nuair a d'iarr muid uirthi cá háit a raibh an cuisneoir. "Cuis-neoir? Cad é sin?" adúirt sí, agus nuair a mhínigh muid é di, dúirt sí "Ó! An fridge!" 

Okay, chun díriú anois ar an teanga, ar na canúintí agus ar an bhfoghraíocht. Táim chun Gaeilge Bhleá Cliath a chosaint anseo (ar ndóigh!). I dtosach, aontaím le Scott nuair a deir sé gur rud nádúrtha é go bhfuil canúintí éagsúla Béarla ann i mBÁC, agus go gciallaíonn seo go mbeadh canúintí éagsúla Gaeilge ann freisin. Is cathair iltíreach í BÁC, agus tá meascán de chuile rud ann. Tá Bleá Cliathaigh dúchasacha ann, tá daoine ann as an tuaithe, tá daoine ann as tíortha eile. Chuile dhuine uilig measctha lena chéile. Mar sin, tá blasanna, nósanna cainte agus teangacha de chuile shórt ann. Agus cruthaíonn sin rud nua, comhtháthú de shórt eicínt. Mar a dúirt mé cheana, beidh an Ghaeilge in ann maireachtáil sna cathracha óir go bhfuil siad i lár na nua-aoise. Tá an Ghaeilge ag athrú sna cathracha, tá sí in úsáid ag daoine ar bhealaí éagsúla. Ní mór do Gaeilgeoirí an t-alt ag teangeolaí Brian Ó Broin, 'Schism fears for Gaeilgeoirí', a léamh. Deir sé

The language is being spoken in all corners of the country (and abroad), and while it might be changing radically, particularly in this current generation, there is no evidence of it dying out. ...we can only wait to see what sort of Irish the next generation of urban speakers will have. Will the urban variety become its on dialect of Irish, or grow further apart from its Gaeltacht cousin, becoming a creole or new language?
Nach fianaise mhaith í seo, go bhfuil an Ghaeilge ag athrú? Nach gciallaíonn sin gur teanga bheo bhríomhair í an Ghaeilge? Athraíonn teangacha an t-am ar fad, agus is rud nádúrtha sin. Tá an Ghaeilge á cur in oiriúint don shaol nua-aimsire seo, agus is comhartha seo de theanga shlán. Le gairid, tháinig mé ar fhocla ar hibrid nó cros-síolach atá iontu: dáiríríously?! agus dochreideable! Fuaireas an chéad ceann ó craoltóir Bhleá Cliathach, agus an darna cheann ó chailín Gaeltachta i Rann na Feirste (mar fhreagairt don leas a bhain mé as an bhfocal dáiríríously ar Twitter). Chuala mé céard-ever freisin agus mé sa gcéad bhliain de mo bhunchéim! Píosa spraoi atá sna focla seo nuair a cruthaíodh iad, ach cuireann siad in iúl go bhfuil daoine ag éirí níos compordaí leis an bhfiric go bhfuil an Ghaeilge agus an Béarla taobh le taobh lena chéile sa tír seo agus go bhfuil sé nádúrtha go mbeadh siad sórt 'ag labhairt lena chéile'. Ní hamháin go raibh, go bhfuil agus go mbeidh focla Béarla ag teacht isteach sa nGaeilge, ach chonacthas gur chruthaigh tionchar na Gaeilge leagan nua den Bhéarla (.i. Béarla Éireannach) ó thaobh comhréire, foghraíochta agus nathanna de. Tá focla 'ar iasacht' ón nGaeilge agus ón nGàidhlig le feiceáil sa mBéarla (breathnaigh ar an leathanach seo de chuid Sabhal Mòr Ostaig, thar a bheith spéisiúil!) Nuair a léigh mé na freagraí don alt sin faoi Americanisms ab fhuath le daoine, chonaic mise tionchar na Gaeilge ar Bhéarla Meiriceánach.

Tá muid uilig ar an domhan seo le chéile, ag roinnt ár gcultúir lena chéile chun comhtháthaithe a chruthú agus ciníochas agus seicteachas a scriosadh. Ceart go leor, tá teangacha ag fáil báis chuile lá, agus tá sé scanrúil go bhfuil sin ag tarlú. Ach níl an Ghaeilge ag fáil báis - go fóill. An fhadhb is mó atá againn ná go bhfuil daoine de lucht na Gaeilge ró dáiríre agus ró choimeádach. Dúirt mé seo cheana fhéin - beidh an dán céanna ag an nGaeilge 's a bhí ag an Laidin mura bhfuil muid cúramach. Caithfear na srianta atá curtha ar an nGaeilge ag na híonaithe a scriosadh. Is mithid dúinn teacht chun cinn na teanga a scaoileadh agus saoirse a thabhairt di ionas go mbeadh sí ina teanga bheo. (Ní hé sin le rá go scriosfar struchtúr na teanga nó go n-éireoidh muid leisciúil faoin ngramadach, ach díreach na hathruithe teanga a ligean isteach.) Is cuid den phobal í an teanga, agus cuirfear sí in oiriúint don phobal dá húsáid. Athbheochan atá i gceist againn, nó athbhreith - ciallaíonn sin go mbeidh tréithe nua ag teacht isteach sa teanga, a chabhróidh léi maireachtáil sa gcomhthéacs nua-aimsire. Mac leinn na Gaeilge Clasaicí agus na Sean-Gaeilge ag caint anseo! Is aoibhinn liom na sean-fhoirmeacha de focla agus an sean-chóras gramadaí, ach athraíonn teangacha le riachtanais an phobail dá n-úsáid. Ná bígí piúratánach, tugaigí saoirse don Ghaeilge agus sábhálfaidh sí í fhéin!

***Nuashonrú***

Chaill mé amach ar alt eile ag plé leis an díospóireacht seo i nGaelscéal, le Aonghus Ó hAlmhain. Is fiú é a léamh. 18/8
 

13 comments:

  1. Oibríonn sé anois!

    Alt fiúntach, agus mar a mhol mé duit ar twitter, b'fhiú a chuir chuig Gaelscéal. Ceist chasta atá ann, agus an méid sin daoine agus dearcaí difriúla ann. Nílim ar son coibhneasachas, ach uaireanta is gá méid éigin de!

    ReplyDelete
  2. Nílim ar son coibhneasachas ach an oiread, ach mar a dúirt mé, ní raibh ach píosa spraoi i gceist leis na focla sin. Teanga ar leibhéal na ndaoine, cruthaithe ag an aos óg. Ní dhéanann sé dochar.

    ReplyDelete
  3. Ní ag tagairt don spraoi le focail a bhíos. Ach ag lorg bealach éigin idir "beatha duine a thoil" agus "Níl ach an t-aon rí bhealach amháin chun an Ghaeilge a shlánú".

    ReplyDelete
  4. Ah sea; níor thuig mé 'relativism' roimhe seo! D'aontóinn leis go pointe... Ceist chasta ata inti, cinnte. Táim buartha go mbeadh daoine ag ceapadh nach bhfuil meas agam do stair na teanga. Tá, gan amhras! Nílim ach ag rá go dtarlaíonn rudaí in ainneoin muid fhéin, agus ag moladh gur chóir dúinn meas a thabhairt do chuile shórt Gaeilge atá ag teacht aníos. Caithfidh mé a chur in iúl gurb fhearr liomsa dá mbeadh an seanchóras litriú (.i. 'Lughnasadh' in áit 'Lúnasa') in úsáid, agus táim ar an dóchas nach scriosfaidh an tuiseal ginideach nó gramadach chruinn. Ní bheinn i bhfabhar 'dumbing down' na teanga, ach tarlaíonn sin go nádúrtha i dteangacha de réir dealraimh...

    ReplyDelete
  5. Cúis na conspóide ná go bhfuil líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge ag éirí níos airde na líon na gCainteoirí Dúchasacha Gaeltachta.

    An ceart caitheamh le hathruithe ar an dteanga de bharr tionchar foghlaimeoirí ar an dóigh céanna le hathruithe a níonn cainteoirí Dúchasacha? Is iad na cinn sin atá nádúrtha i ngach teanga. Tá críolú nádúrtha freisin, ach is sochaí éagsúil ata i gceist.

    Ach ní hionann Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge Mhanainn, abair - tá cainteoirí dúchais fós againn, agus is ceart dúinn a sampla siúd a leanacht!

    ReplyDelete
  6. Bhuel, ceapaimse GUR ceart é. Tá cara liom i mbun cúrsa ar Phleanáil Teanga, agus dúirt sé liom go bhfuil daoine ann sa nGaeltacht á dtógadh le Gaeilge faoi láthair nach bhfuil focla Gaeilge acu. Tá siad ag baint leasa as focla Béarla. Dúirt sé go bhfuil stór focal i bhfad níos leithne agamsa ná cuid mhaith daoine sa nGaeltacht.

    Tá 'Gaeilge na leabhar' ag 'foghlaimeoirí' sna cathracha. Nach gciallaíonn sin go mbeadh gramadach níos cruinne acusan ná daoine á labhairt gan smaoineamh uirthi? Freisin, tá téarmaíocht nua-aimsire ag na foghlaimeoirí; is cuma le lucht na Gaeltachta óir nach bhfuil siad ag iarraidh 'dul i bhfeidhm' ar éinne óir go bhfuil 'fíor-Ghaeilge' acu pé scéal é. Tá daoine as an nGaeltacht níos compordaí leis an leagan Béarla den fhocal a úsáid mar sin, ach bheadh an foghlaimeoir ag iarraidh an leagan Gaeilge a bheith acu. Dhéanfadh siad an iarracht óir nach 'fíor-Gaeilgeoirí' iad. Tá coimpléasc ísleachta ag foghlaimeoirí na gcathracha. (Mise ina measc!)

    Is mionteanga í an Ghaeilge - mar sin beidh sé ar na foghlaimeoirí an teanga a chur chun cinn. TÁ an Ghaeilge ag laghdú sna ceantair Ghaeltachta, ach tá sí AG MÉADÚ sna cathracha. Dá mhairfeadh an Ghaeilge, is sna cathracha a mhairfeadh sí. Sin chun a bheith réalaíoch.

    Beidh orainn an Ghaeilge a chaomhnú sna Gaeltachtaí, ar ndóigh, ach óir nach bhfuil siad láidir ó thaobh eacnamaíochta de, bhuel ní bheadh aon seans don Ghaeilge maireachtáil ann go deo. Beidh daoine ag imeacht agus ag iarraidh Béarla a chleachtadh. Feictear dom cheana go bhfuil Gaeilgeoirí na gcathracha ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt i níos mó cásanna ná Gaeilgeoirí na Gaeltachta.
    Sin i measc daoine óga, pé scéal é, agus sin an dream tábhachtach. Tá todhchaí na Gaeilge leis an aos óg anois, agus beidh sé i measc lucht na gcathracha.

    Sochaithe éagsúla atá sa nGaeltacht agus sa gcathair. Sin mar a dúirt mé: ní bheadh an leagan céanna den teanga againn! Agus tá sé mar an gcéanna le chuile teanga. Más glacann daoine leis an bhfíric seo, beidh muid in ann pleananna níos fearr a chruthú a dhíreofar ar riachtanais Ghaeilge na Gaeltachta agus Ghaeilge na gcathracha.

    TÁ cainteoirí dúchais againn, ach an bhfuil siad chun cabhair cheart a thabhairt do lucht na gcathracha? Mar a dúirt mé i mo bhlag, an fhadhb atá againn ná nach bhfuil meas acu ar lucht na gcathracha ag cleachtadh na Gaeilge. Léigh an t-alt sin ag Brian Ó Broin, deir sé:

    "When presenters with so-called “school Irish” came on the radio, my Gaeltacht friends say they tend to tune out, finding the Irish unpleasant, or difficult to understand. They tolerate much of TG4’s output, but grimace or change channels when city speakers come on. As for the hordes of Irish-speaking teenagers and parents who descend on the Gaeltacht during the summer months, they absolutely prefer to speak English with them. They say that the city folks’ Irish is simply too strange."

    TÁ fadhbanna ag lucht na gcathracha le foghraíocht (go háirid chun an ghramadach a chur in iúl), ach tá deighilt ann idir muintir na Gaeltachta agus muintir na cathrach. An mbeidh muid in ann sin a réiteach? Chun obair a dhéanamh le chéile? Ach mar a dúirt mé, sochaithe éagsúla atá iontu...

    ReplyDelete
  7. Bhí sé ar intinn agam blagmhír a scríobh faoi bheith ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht - taithí eile ar fad agamsa i gCorca Dhuibhne! B'fhéidir go scríobhfaidh mé fós é.

    Is fíor duit maidir le téarmaí nua - ach sílim gurbh í an fhadhb ansin ná conas na téarmaí (a mhúnlaíonn daoine de bhunadh na Gaeltachta don gcuid is mó!) a scaipeadh.

    Ach is ar chlaochlú gramadaí & comhréire seachas foclóir a bhí mé ag smaoineamh.

    Mar a deirim, níl freagra ar bith simplí air an gceist - caithfidh muid obair as lámha chéile - Cainteoirí Gaeltachta, Cainteoirí Dúchais Gaeltachta (ní cainteoir dúchais gach duine sa Ghaeltacht le Gaeilge!), daoine a tógadh le Gaeilge sa Ghalltacht (réimse leathan ansin freisin) & foghlaimeoirí.

    Is ceart freisin an litríocht a c chuir san áireamh. Tá foclóir & sampla le fáil ansiúd freisin.

    ReplyDelete
  8. Táim in ann a admháil nach bhfuil an líofacht chéanna ag lucht na cathrach (mar gheall ar easpa misnigh - an coimpléasc ísleachta), ach tá gramadach níos cruinne acu.

    Wow, tá cuma ar an scéal go bhfuilim in aghaidh mhuintir na Gaeltachta... Nílim ar chor ar bith!! :-/

    ReplyDelete
  9. Tuigim cad chuige atá tú le do ráiteas. Agus, mar a dúirt ar twitter "Is féidir bheith ar son dreama amháin gan a bheith in aghaidh dream eile - ach uaireanta ceiltear an bhfíric sin i bplé!"

    Is minic níos mó teas ná solas i bplé mar seo; ach is mithid an cheist a chíoradh.

    Beimid de shíor ag foghlaim: Máirtín Ó Cadhain féin dúirt sé "D’fhéach mé le mo chuid féin a spíona, a shlánú agus a chíora, biseach beag a bheith i mo dhiaidh uirthi seachas mar fuair mé í"

    (Ba cheart do gach duine a scríobhann Gaeilge a léacht "Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca" a léamh!

    ReplyDelete
  10. Buíochas le Dia as an leagan rphoist! Theip ar an mblag do ráiteas a fhoilsiú le fáth eicínt:

    "aonghus has left a new comment on your post "Dhá dhream atá scoilte ag an teanga chéanna":

    Bhí sé ar intinn agam blagmhír a scríobh faoi bheith ag labhairt Gaeilge sa Ghaeltacht - taithí eile ar fad agamsa i gCorca Dhuibhne! B'fhéidir go scríobhfaidh mé fós é.

    Is fíor duit maidir le téarmaí nua - ach sílim gurbh í an fhadhb ansin ná conas na téarmaí (a mhúnlaíonn daoine de bhunadh na Gaeltachta don gcuid is mó!) a scaipeadh.

    Ach is ar chlaochlú gramadaí & comhréire seachas foclóir a bhí mé ag smaoineamh.

    Mar a deirim, níl freagra ar bith simplí air an gceist - caithfidh muid obair as lámha chéile - Cainteoirí Gaeltachta, Cainteoirí Dúchais Gaeltachta (ní cainteoir dúchais gach duine sa Ghaeltacht le Gaeilge!), daoine a tógadh le Gaeilge sa Ghalltacht (réimse leathan ansin freisin) & foghlaimeoirí.

    Is ceart freisin an litríocht a c chuir san áireamh. Tá foclóir & sampla le fáil ansiúd freisin."

    ReplyDelete
  11. Tá sé ann - ach is amhlaidh gur shleamhnaigh mo thrácht isteach idir dhá cheann de do chuidse!

    ReplyDelete
  12. Haha, ó sea!

    Braithím go sách dona anois... Ní raibheas ag iarraidh ionsaí a dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta! Ní raibheas ag rá nach bhfuil a gcuid Gaeilge luachmhar - is í an Ghaeilge atá acu an rud is luachmhara sa tír (nó sa domhan, fiú)! Is dócha go ndeachaigh mé rud beag thar fóir... Bhuel, ní dheachaigh, ach ní raibheas ach ag maíomh go bhfuil Gaeilge na cathracha luachmhar freisin. Ní 'droch-Ghaeilge' í. Táim fós ag treabhadh liom Gaeilge Chonamara a bheith agam, haha!

    Ba mhaith liom go dtabharfadh daoine meas ar Ghaeilge na cathrach ionas gur féidir le chuile shórt Gaeilgeora seasamh le chéile chun ár dteanga agus ár gcultúr a chaomhnú agus a athbheochan. Sin a' méid.

    Táim chun an léacht sin le Ó Cadhain a léamh anois, tháinig mé uirthi ar JSTOR.

    Scríobh an blag sin dúinn! Bheadh sé iontach spéisiúil!

    ReplyDelete
  13. **Cheartaigh an cara sin liom (atá i mbun cúrsa ar Phleanáil Teanga) mé: nuair a dúirt sé liom go bhfuil daoine ann sa nGaeltacht á dtógadh le Gaeilge agus go bhfuil stór focal níos leithne agamsa, ní raibh sé ag tagairt do 'fhíor-chainteoirí dúchais'. (Díreach, daoine óga a bhfuil cónaí orthu sa nGaeltacht ag iarraidh Gaeilge a úsáid.) Freisin, feictear dó NACH bhfuil gramadach níos cruinne ag foghlaimeoirí. Teangeolaí atá ann, so tá seisean i bhfad níos mó ar an eolas faoi chúrsaí mar atá ná mise.

    ReplyDelete