Dé Luain 22 Lúnasa 2011

Díreach chun a bheith soiléir... (Rant)

Tá sé deacair go leor gur cainteoir mionteanga mé, ach caithfidh mé a rá go bhfuil sé níos deacra dom aríst nuair atáim go síoraí do mo chosaint fhéin roimh chainteoirí Gaeilge eile. Fuckaigí off agus fág liom fhéin mé!

  1. Ní raibh an t-ádh orm a bheith tógtha leis an nGaeilge mórthimpeall orm
  2. Ní raibh an deis agam freastal ar Ghaelscoil mar gheall air sin
  3. Nílim mar chuid de clique ar bith, rud atá chomh coitianta sin i saol na Gaeilge
  4. Níor fhreastal mé ar chúrsa Gaeltachta agus mé ar scoil
  5. Níl mórán deise agam an Ghaeilge a labhairt, seachas le mo chairde ag a bhfuil Gaeilge acu
bú hú, ceart go leor. Nílim ag gearán, ach díreach ag cur in iúl céard as a dtáinig mé agus cé chomh fada is a tháinig mé go nuige seo. Bhí orm AN-CHUID OIBRE a chur isteach chun a bheith ag an bpointe seo.) ANOIS:

  1. Bhí an t-ádh orm múinteoirí spreagúla Gaeilge a bheith agam ar meánscoil
  2. Le fáth eicínt bhí mo chroí istigh sa nGaeilge i gcónaí, cé nach raibh líofacht agam
  3. Chuir mé an-chuid oibre isteach agus d'fhoghlaim mé an Ghaeilge (i gceart) as mo stuaim fhéin nuair a shroich mé UCD 
  4. Bainim leas aisti agus mé le mo chairde, ag scríobh, nuair a chasaim ar Ghaeilgeoirí fánacha cairdiúla, agus ag na hamantaí sin a bhfuilim ag teagasc
  5. Cé nach bhfuil canúint nó 'blas' ar leith agam (mar gheall ar easpa taithí sa nGaeltacht), déanaim mo dhícheall Gaeilge Chonamara a labhairt, measctha le mo bhlas Bleá Cliathach féin

Beidh orm a thuilleadh oibre a dhéanamh chun líofacht líofa (tuigeann sibh mé!) a bhaint amach. Beidh mé ag foghlaim na teanga don lá sin a bhfaighidh mé bás. (Go raibh blianta fada amach romham!) gramadach na teanga agus saibhreas/cruinneas teanga tábhachtach dom. Tá ard-mheas agam do na nathanna nádúrtha Gaelaigh, don Ghaeilge atá caite anois agus do na rudaí atá ag titim as an teanga, óir go ndearna mé an tSean-Ghaeilge agus an Ghaeilge Chlasaiceach. Is annamh go leor go mbainim leas as focla spraíúla mar 'dáiríously' agus 'dochreideable' (tug faoi deara go leanann siad leis an gcóras litrithe, 'caol le caol, leathan le leathan'!) Níl ach spraoi atá iontu - agus níl siad in úsáid ag Gaeilgeoirí lasmuigh den Ghaeltacht amháin.


NÍLIM in aghaidh mhuintir na Gaeltachta. Nílim in aghaidh Ghaeilge na Gaeltachta. (Duh!) Bím don Ghaeilge Bhleá Cliath a chosaint óir gur Bleá Cliathach mise agus braithim go bhfuil an Ghaeilge atá againn 'bailí' agus 'fíor' freisin. Bím ag maíomh go gcaithfí an t-ardnósachas agus an coimeádachas atá ann faoi láthair a scriosadh, chun misneach a thabhairt d' fhoghlaimeoirí nua atá ag teacht aníos. Ba chóir go mbeadh daoine comportach leo féin agus leis an mblas atá acu agus iad ag foghlaim na Gaeilge. Molaim foghraíocht cheart a bheith acu, ar ndóigh, ach lena mblas féin más fearr leo. Tá difear idir blas agus foghraíocht. Agus más as Bleá Cliath tú, ní bheifeá comportach le blas bréagach Connachta/Mumhan/Uladh a úsáid. 

Táim bréan de Ghaeilgeoirí a bheith ag troid lena chéile. Táim bréan de Ghaeilgeoirí 'lán díobh fhéin' a bheith ag caitheamh anuas ar fhoghlaimeoirí. Táim bréan den ardnósachas a bhaineann leis an nGaeilge. Táim bréan de na cliques. Táim bréan den taobh polaitiúil atá ag déanamh dochair don teanga. Táim bréan den taobh frith-Bhéarla atá ann. Táim bréan de a bheith ag caint ar an nGaeilge! Táim bréan den delusion.

Táim chun dul i ngleic le cúrsaí mar atá, óir go gceapaim gur mithid dom guth a thabhairt don dream nach bhfuil áit faoi leith acu ar 'shuíomh' na Gaeilge, agus a mbraitheann nach mar chuid den 'dream istigh' iad.

Má tá Gaeilge agat (bíodh tú líofa go leor nó ag foghlaim fós) agus má tá an spéis agat sa teanga agus sa gcultúr, ba chóir go mbeadh fáilte curtha romhat, agus go mbeadh tú comportach i láthair Ghaeilgeoirí eile, is cuma cé as atá siad.

10 comments:

  1. Maith thú, ná lig d'éinne caitheamh anuas ort riamh, is soléir go bhfuil líafacht agus cruinneas scriofa bainte amach agat (rud nach bhfuil agam féin) coiméad do ceann in airde i measc gaelgóirí eile. Tuigim an méid atá ráite agat faoi an árdnochas atá ann o daoine le gaelinn líofa nó o duachas ach ná bac leo, ní cóir é a bheith ann in aon chor, má tá spéis ag duine sa teanga sin an príomh rud. Go neirí leat. (Lean leis an blog ceapim go bhfuil siad an spéisúil)

    ReplyDelete
  2. Gabhaim buíochas ó chroí leat, a Mhichíl! Ceapaim go bhfuilim leochaileach na laethanta seo, gan mórán féinmhuinín. Fadhb choitianta i measc Éireannach le gairid! Nó b'fhéidir le fada... Feicim go bhfuil tú ar Thumblr, agus bhíos dod' leanacht cheana féin! :) Is maith liom na rudaí ar chuireann tú ar do bhlag féin. Baineadh gáire asam!

    ReplyDelete
  3. Maith thú! Fíor gach focal.

    Ní dóigh liom go mbíonn mórán daoine céillí ag clamhsán faoi do leithéidí, a bhfuil obair curtha isteach acu, agus dua caite acu.

    An clamhsán a bheadh agamsa ná daoine a bhfuil Gaeilge a chodail amuigh acu, a fhios sin acu, an deis acu í a fheabhsú, ach gan fonn orthu!

    Is fíor duit ámh faoin gangaid atá ró choitianta inár measc. Cúis simplí leis sílim - tá dua agus crá croí ag baint le Gaeilge a labhairt sa Ghalltacht ach go háirithe. Mar sin, is daoine le meon láidir a sheasann an fhód. Is minic áfach go bhfuil meon láidir againn maidir le cúrsaí eile, agus ní minic muid ar aon téad fúthu! As sin eascraíonn achrann.

    Ach, mar is aoibhinn le Séamas Mac Seáin ó Bhéal Feirste a rá, is fearr an t-imreas ná an t-uaigneas!

    ReplyDelete
  4. Ná tabhair cuairt ar Árainn más ea! Ní maith leo ach Árannaigh ag labhairt Gaeilge...

    ReplyDelete
  5. Ní hé sin mo thaithí-se.

    ReplyDelete
  6. Níl fhios a'm, chuala mé trácht ar sin ceart go leor. B'fhéidir nach bhfuil an taithí sin a'd, a Aonghuis, óir go bhfuil blas na Mumhan a'd. Tá sé cóngarach go leor do Ghaeilge Árainn. Tá cara liom as an mBeilg é, agus bhí cónaí air ar na hoileán ar feadh cúpla bliain. Bhí sé ag foghlaim na Gaeilge, agus nuair a rinne sé iarracht í a úsáid, d'fhreagair na hoileánaigh as Béarla. Ansin, d'éirigh sé bréan de, agus thosaigh sé ag labhairt as Béarla leo - agus d'fhreagair siad as Gaeilge! Haha!

    ReplyDelete
  7. Alison, coinnigh do mhisneach. Ná bac le lucht do cháinte. Lean ort ag léamh, ag éisteact, ag labhairt agus ag scríobh. Feicfidh tú ar ball go gcuireann sé isteach ar roinnt "Gaeilgeoirí" go mbeadh duine ar bith eile ag baint úsáid as teanga atá ar eolas go maith acu féin ach nach mbaineann úsáid riamh aisti.

    Éad is bonn leis sin. Easpa tuisceana. Aineolas. Ná lig dóibh cur isteach ort.

    Bleá Cliathach mise agus rinne mé an rud atá á dhéanamh agatsa agus ba mhinic a rinne daoine gáire fúm ach bhí daoine eile a raibh nádúr agus dea-mhéin iontu agus chuidigh siad liom. Seo cúpla sampla:

    D'fhiafraigh mé de dhuine acu "cá bhfuil an eochair?" Níor thuig sé mé. Bhíos-sa tar éis "an ochar" a rá. Nuair a thuig sé cad a bhí uaim, ar seisean "Ó, an eochair!" Chuala mé an difear "uny-yuch-irr" agus thuig mé gur ghránna an rud a bhíodh á rá agamsa. D'fhoghlaim mé uaidh agus bhí mé buíoch de. Labhraíomar Gaeilge lena chéile i gcónaí gcónaí ina dhiaidh sin.

    Sampla eile ó Chiarraíoch: Cheartaigh sé mé faoin gcaoi a raibh an focal "níl" á rá agam. Kneel an Bhéarla a bhíodh agamsa. "Níl sé sin ceart," ar seisean. Abair "ní fhuil" i.e. dhá shiolla. Bhí an ceart aige. Ghlac mé leis an gceartúchán.

    Ba mhinic ina dhiaidh sin a tharla an rud céanna dom: cinteoirí eile do mo cheartú agus mise ag foghlaim uathu agus ag cur feabhas ar mo chuid Gaeilge feadh an ama. Ní bheidh mé ar aon dul le cainteoirí eile go deo. Beidh mo chuid féin den Ghaeilge agam ach leanfaidh mé orm á húsáid.

    Is breá liom daoine a chloisteáil ag labhairt na Gaeilge mar tugann a gcuid cainte cead domsa Gaeilge a labhairt leo. Is maith liom aithne a bheith agam ar dhaoine a labhróidh Gaeilge liom.

    Molaim thú, Alison. Tá tú i do bhall de phobal na Gaeilge agus cé go bhfuil roinnt bheag daoine caol-aigeanta nach mbeidh báúil leat tá míle duine eile a mbeidh sár-ómós acu duit agus meas acu ort. Go raibh maith agat as a bhfuil scríofa agat. Coinnigh ort.

    ReplyDelete
  8. Go raibh míle maith a'd as an tacaíocht, a Jeaicín! Wow, déanaimse an rud céanna le "an eochair"... Beidh orm a bheith comhfhiosach faoi sin as seo amach.

    Rinne mé staidéar ar an nGaeilge Chlasaiceach, agus bhíos ar an eolas faoi 'Ní fhuil'. Tá sé acu in Albain fós sa bhfoirm 'Chan eil'.

    Uaireantaí, tá foghraím mo chuid Gàidhlige i bhfad níos fearr ná mo chuid Gaeilge, óir nár fhoghlaim mé foghraíocht na Gaeilge, ach óir gur 'newbie' mé leis an nGàidhlig, táim ag foghlaim na foghraíochta i gceart leosan.

    Bhíos ag léamh filíochta as Gaeilge cúpla seachtain ó shin, agus dúirt cara liom go bhfuil fíor blas na Gàidhlige ag teacht ar mo chuid Gaeilge. N'fheadar, ach éiríonn mo chuid 'r'-anna i bhfad níos treise agus mé ag léamh na filíochta le cúis eicínt...

    Tá buíoch as na samplaí sin a thug tú dom, is féidir le léitheoirí eile breathnú orthu - AGUS A GCUID TAITHÍ A ROINNT FREISIN? Beidh sin deas. :)

    ReplyDelete
  9. Go raibh maith agat féin, Alison.

    Smaoinigh mé ar shampla eile cé nach ceartúchan a bhí ann:

    Gaeltacht Chill Ghallagáin i dTuaisceart Maigh Eo: Mé i mo shuí i gcúl cairr agus triúr cainteoirí dúchais in éindí liom. Tharla gur chuireas an cheist seo ar dhuine acu "ar fhreagair sí thú?" Bhain an freagra geit asam, focal amháin, "D'fhreagair!"

    Is cuimhin liom an fhoghraíocht go dtí an lá inniu:

    D leathan (ón bhfocal "do")

    fhre - r caol
    aga - g leathan
    ir - r caol

    Na hr-anna a chuaigh i gcionn orm, iad chomh caol sin chuirfidis lann le faobhar fiaclach i gcuimhne duit. Bhí an t-aon fhocal sin go hálainn.

    Tagann luisne náire orm nuair a smaoiním ar an gcaoi a déarfainn féin é -- an uair sin (!!) - "dragger" Ugh.

    Is dóigh liom gurb ionann culaith foghraíochta na Gaeilge agus ceol na teanga. Is breá liom an fhoghraíocht agus bím i gcónaí ag cur cluas le héisteacht orm le cainteoirí dúchais. ...

    Níl dochar ann mar chaitheamh aimsire ...

    ReplyDelete
  10. Ní fhaca mé an saghas nimhe a luaigh tú ach cúpla uair, agus ní dírithe i mo threosa é. B'fhéidir go bhfuil an t-ádh orm. Is cinnte nach bhfuil a lán deiseanna agam an sórt masla a ghlacadh, toisc gur rugadh is tógadh i bhfad ón seanfhód mé.

    Caithfidh mé a rá go bhfuil an dúil sa teanga soiléir agus na torthaí sofheicthe. An té a bhfuil Gaeilge aige ach a thugann neamhaird ar siúd, ní bhainfeá leas as ar aon scór.

    Sílim nach bhfuil mé in ann aon ní a rá nach bhfuil a fhios agatsa cheanna maidir leis na cúrsaí foghlama Gaeilge. Bíodh is agat go bhfuil foghlaimeoirí ar fud na cruinne ag déanamh an iarracht céanna, agus beidh fáilte romhat pé áit a rachaidh tú.

    ReplyDelete