'Knots' le feiceáil anois ar chainéal de chuig Lisa Hannigan ar You Tube
Amhrán is déanaí le Lisa Hannigan óna halbam nua Passenger a
bheas á eisiúint i Meiriceá Thuaidh ar an 20ú Meán Fómhair, agus in
Éirinn ar an 21ú lá de Dheireadh Fómhair. (Caithfidh mé a admháil gur
chuir sin as dom, go raibh sé ag teacht amach i Meiriceá i dtosach, ach
tá ag éirí go maith léi i Meiriceá i gcomparáid le hÉirinn, de réir
cosúlachta!)
Tá blas Meiriceánach tar éis teacht ar a cuid ceoil, ceart go leor,
mar is léir leis an amhrán ‘gormacha’ seo. An bhfuilim liom fhéin nuair a
mheasaim go bhfuil tionchar Nick Drake le blas san amhrán seo?
Scannánaíodh an físeán seo ar bhád, a chuireann in iúl go bhfuil Lisa
ag leanacht le híomhá leitheadúil na farraige a bhí ar a halbam Sea Sew.
Tá stíl na mná aoibhne seo ag dul ó neart go neart - agus cúis bhróid
dom a rá go bhfuil gúna agam cosúil lena ceann sa bhfíseán seo. :P


0 comments:
Post a Comment