Dé Luain 10 Deireadh Fómhair 2011

Planet Word: Stephen Fry agus ceist na mionteangacha

Cheapas go roinnfidh mé cúpla smaoineamh ar an darna eipeasóid den tsraith Planet Word, ina dtéann Stephen Fry ar thuras teanga. Bhíos ag tnúth go mór leis an eipeasóid áirithe seo, toisc go raibh sé ag plé le cruachás mhionteangacha an domhain, an Ghaeilge ina measc. Bhreathnaigh mé air faoi dhó; ar an gcéad turas, d'fhág sé le blas searbh mé. Bhraith mé go raibh Mr. Fry ciotach le muintir na Gaeltachta; chuir sé as dom nach ndearna sé a dhícheall an Ghaeilge a fhoghrú i gceart, agus go raibh sé drochbhéasach nuair a bhain sé leas as intriachtaí as Fraincis le cainteoirí Bascaise agus Ocsatáinise (Occitan). Ar an darna turas, bhraith mé níos fearr, ach tá cúpla rud le rá agam faoi.

Anois, tá an-mheas agam do Stephen Fry - go deimhin, tá sé mar eiseamláir dom. Tá sé furasta an locht a chur ar Shasanach agus muid ag plé le hábhar íogair mar mhionlú teangacha. Is léir go bhfuil an cheist seo gar dá chroí, agus tá sé ag déanamh an-jab í a léiriú do lucht féachana coitianta. Sin ráite, measaim gur fiú dó a bhéal a choinneáil dúnta anois is aríst. Uaireantaí, tá cuma ar an scéal go bhfuil sé ag iarraidh a scileanna óráidíochta a chur in iúl seachas a bheith ag tabhairt na deise do na haoichainteoirí ar an gclár labhairt ar a n-ábhar. Labhraíonn sé thar an méid atá á rá acu go minic, agus ba cheart dó a gcuid tuairimí agus smaointí a ligean. Nach í an aidhm atá aige ná guthanna na ndaoine a chur i láthair ionas go mbeidh tuiscint níos cruinne ar cheist na mionteangacha? Is íorónta an rud é go bhfuil sé ag plé le teangacha á gcur i dtost, agus ní thugann sé an seans do na daoine a dtaithí a roinnt!

Is iad na rudaí a chur as dom go mór mór ná nár labhair na hÉireannaigh/Gaeil as Gaeilge, agus nár luadh Gàidhlig na hAlban nó Gaelg Mhanann. Rinne Fry tagairt don Bhreatnais (agus don Choirnis fiú!), ag cur TG4 i gcomparáid leis an méid atá ar siúl ag BBC Cymru. Bhí samplaí maithe tugtha dúinn de bhlas na Bascaise agus na Ocsatáinise, ach níor thug siad dúinn blas ceart den Ghaeilge á labhairt ag cainteoirí dúchais. Tosaíonn Fry lena phlé ar an nGaeilge agus é amuigh ar bhád i gConamara le hiascaire. Bhí cuma chiotach air nuair a fhiafraigh sé den iascaire an raibh sé dóchasach faoi thodhchaí na Gaeilge. Touchy subject a bhí ann, ag teacht ó Shasanach, gan amhras, agus bhí sé comhfhiosach faoi sin. Rinneadh an t-agallamh go hiomlán as Béarla, le seatanna gairide den iascaire agus a mhac ag obair ar an mbád agus ag caint as Gaeilge, ach go han-chiúin agus gan mórán á rá acu. Ceapaim gur chuala mé "just tóg é" i measc a gcuid cainte. Chun a bheith cothrom do Fry, bhí sé an-fheasach ar stair na tíre seo, agus dúirt sé féin "Imperialist Brit that I am, they're kind enough to speak English to me, which, given the history, is quite an ask." B'fheidir go bhfuilim ró-mhíleata uaireantaí i leith na teanga, agus b'fhéidir go mbeadh sé seafóideach duine a bheith ann ag caint as Gaeilge dó, agus duine eile á haistriú go Béarla, ach... Bhraith mé gur cheart do na hÉireannaigh agallamh a dhéanamh trí Ghaeilge, ar mhaitheas sampla a thabhairt don lucht féachana ar an teanga, agus chun é a chur in iúl gur teanga bheo bhríomhar í in áiteachaí áirithe, nó i measc pobail áirithe, ba chóir dom a rá. Bhí díomá orm. Tá taithí agam fhéin lena bheith ag obair ar chlár faisnéise leis an mBBC, agus iarradh orm freagraí a thabhairt sa dá theanga (aríst, chun blas na Gaeilge a thabhairt dá lucht éisteachta).

 

Ba mhaith an rud é gur ghlac Fry páirt in Ros na Rún, agus chuir sé an clár ar chomhchéim le Coronation Street nuair a ndearna sé cur síos air. Chonacthas dom gur bhain sé taitneamh as a bheith páirteach ann, cinnte. Chuir sé iontas orm, áfach, nár thig d'fhear léinn dá leithéid foghraíocht níos fearr a bheith aige ar an mbeagán Gaeilge a bhí le rá aige! Bhí blas an Oirthir ar a 'go raibh maith a'd'! An bhfuil an locht ar a mhúinteoir? N'fheadar. Ach, cheapas go raibh sé spéisiúil nuair a fhoghraigh sé an focal 'orm' mar 'ar-um' [ar mé].

Is dócha gur iad na hÉireannaigh an t-aon dream lena raibh sé in ann ceisteanna díreacha a chur orthu, gan é a dhéanamh trí aistriúchán. Tá sé ciotach do Shasanach a bheith ag caint le cainteoirí mionteangacha ar mhionteanga trí mhórtheanga, go háirid caint ar an nGaeilge trí Bhéarla! Nuair a bhí sé sa seomra ranga i nGaelscoil áitiúil, chuir sé ceisteanna gairide ar na daltaí faoin leas a bhaineann siad as an nGaeilge i gcomparáid leis an mBéarla. Bhí sé á gcur go cúramach, go triaileach. Ar mheas siad gur cainteoirí Gaeilge iad i dtosach, agus cainteoirí Béarla ina dhiaidh sin? An mbíonn siad ag caint as Gaeilge amuigh sa gclós? An mbíonn siad ag téacsáil as Gaeilge? An mbaineann siad leas as an nGaeilge ar an idirlíon? An mbeadh siad in ann déileáil leis an domhan mór gan Bhéarla acu? An rud is spéisiúla a bhain sé as an agallamh seo ná nach mbíonn Gaeilge á húsáid acu agus teicneolaíocht i gceist. Ní bhíonn siad ag téascáil as Gaeilge, nó a bheith ag caint lena chéile ar Facebook trí Ghaeilge. Shainmhínigh Fry an Ghaeilge mar theanga cairdeas, mar theanga an chlóis scoile, agus an Béarla mar theanga na teicneolaíochta. D'admhaigh na daltaí go mbeadh siad caillte sa domhan mór gan Bhéarla, ach measann siad gur cainteoirí Gaeilge iad i dtosach in ainneoin sin. An rud is náirí faoin eipeasóid ná go ndúirt Fry leo "Thank goodness you do speak English or we'd be having an embarrassing time!" Hmm. An bhfuil sin le rá go mbíonn náire air chuile uair a chuireann sé duine gan Bhéarla faoi agallamh?

Ní chreidim go bhfuilim chomh crua ar Stephen Fry! Is deacair an jab sin, ábhar chomh híogair, chomh conspóideach sin á léiriú. 

Bíonn muid ag rá go bhfuil na Sasanaigh go dona, ach an bhfaca sibh na Francaigh? Mo dhuine in  l’Académie Française, duine de na 'Immortals', an t-Ollamh Marc Fumaroli? Tá an ghráin dhearg (nó rua! :P) agam ar an bhfear sin!! Ag trácht ar chur faoi chois na hOcsatáinise (agus mionteangacha eile na Fraince), deir sé: "But, you know, what they have lost is not too much and in compensation they have been participated to one of the most wonderful conversations possible, the conversation in Paris, the conversation in the great towns of France. ... In a period when the 'Globish' English is so invading, it is superfluous, I think, to take so much care of these local languages that are not leading anywhere!" Eh, CÉARD?? Tar anseo agus buailfidh mé thú! Grrrr!!

An rud is fearr faoin gclár seo ná go bhfuil Fry ag cur na ceiste seo os comhair agus i mbéal an phobail. Is mithid do chuile dhuine a bheith ag smaoineamh ar an gceist seo, ionas gur féidir linn mionteangacha an domhain a chaomhnú.


Lá Fry i Ros na Rún

Stephen Fry on the Irish Language

5 comments:

  1. Maith thú! Maidir leis an chauviniste Francach sin (tabhair faoi deara foinse an fhocail!) nach fearr a leithéid de thuairim a bheith curtha ós ár gcomhair gan náire seachas ar chúla téarmaí mar a déantar de ghnáth! Tá an sotal chomh follasach sin gur fearr é ná an ghnáth béalghrá och ochón a cloistear abhus!

    ReplyDelete
  2. Is fíor dhuit, cinnte! Is maith an rud é gur léirigh Fry an dearcadh sin atá ag an bhFrancach (hehe!), díreach chun chur in iúl cé chomh craiceáilte is atá bás teangacha. GRMA as an tacaíocht. :)

    Feicim go bhfuil físeán den eipeasóid ar You Tube anois: (seo cuid a dó, ina ndéantar plé ar an nGaeilge) http://www.youtube.com/watch?v=iUNYzfG0q7A&feature=related

    ReplyDelete
  3. Thugas féin faoi dearadh go n-úsáidtar an Bhéarla go minic ag muintir na Gaeltachta, (agus lucht na Gaeilge nach as an nGaeltacht iad) ar na meán soisialta - rud nach dtuigim.

    Maidir leis an gclár féin sílim go bhfuil sé go maith tuairimí eile a fháil ar "cheist na teanga!"

    ReplyDelete
  4. An chúis céanna agus a mbíonn focail Béarla acu ar rudaí nua - mar gurbh i mBéarla a chuireann siad aithne orthu. Ár leithéidí cleachtaí ar an dtiontú, agus gá againn le Gaeilge ar líne toisc go bhfuilimid i bhfad uaidh.

    ReplyDelete
  5. An chúis céanna agus go mbíonn focail Bhéarla acu ar rudaí nua - mar sin a chuir siad aithne air. Tá ár leithéidí cleachtaí ar an dtiontú, agus gá againn leis an nGaeilge ar líne toisc muid a bheith i bhfad ón nGaeilge beo. (Seachas má théann muid siar - ach maireann an cleachtas & meon)

    ReplyDelete