Dé Máirt 18 Deireadh Fómhair 2011

Siompóisiam ar Bhlagadóireacht na Gaeilge

© Pól Ó Duibhir, 2011
Bhí an deis agam páirt a ghlacadh sa siompóisiam ar bhlagadóireacht na Gaeilge in City Arts (suite ar Ché an  Bhaitsiléara, BÁC) chun tús a chur le IMRAM Féile Litríochta 2011 ar an Aoine seo caite (14ú Deireadh Fómhair). I dtosach, caithfidh mé buíochas ar leith a gabháil le Scott de Buitléir agus Liam Carson as an bpribhléid seo a thabhairt dom.

Ní raibheas ag tnúth le go mbeadh an méid sin daoine i láthair! Amharclann beag is ea í in ionad City Arts, ach bhí teach lán againn, le daoine ag teacht isteach agus ag seasamh ar chúl in aice leis na doirse. Meascán de chuile shórt duine a bhí ann, idir sean agus óg, idir fhir agus mhná, agus bhí sin an-spreagúil. B'fhéidir gur clísé seo, ach bhraith mé go raibh 'an-ghrá' sa seomra! Cé go mbím cúthaileach os comhair slua d'ardchaighdeán Gaeilge, bhíos ar mo shuaimhneas de bhrí na cuideachta tharam; bhí Scott de Buitléir ina fhear an tí, agus tá muid inár gcairde le blianta anois; ar an bpainéil liom, bhí Aonghus Ó hAlmhain, cara liom ar Twitter; Máire Burns, riarthóir an leathanaigh Facebook "Gaeilge Amháin"; agus Alex Hijmans, úrscéalaí den chéad scoth a bhfuil cónaí air sa mBrasaíl. Bhí sé chomh deas liomsa bualadh le hAonghus agus Máire ann, toisc nach raibh ach 'ríomhaithne' againn ar a chéile go nuige sin. (Goidim an focal sin ó Aonghus - is iontach an comhfhocal é!) Sa ngrianghraf thuas (tógtha ó bhlag 'An Cnagaire'), ó chlé go deas tá Alex, mé féin, Máire, Aonghus agus Scott. Cheap muid go raibh sé feiliúnach go raibh Alex inár láthair 'go fíorúil' trí Skype ar an scáileán galánta Mac agus muid ag plé le teicneolaíocht na Gaeilge! 

Níor mhair an phlé ach ar feadh uair a chloig, ach in ainneoin sin chlúdaigh muid cuid mhaith den ábhar. Rinneadh tagairt don 'Bhlagtacht', .i. 'blagaisféar' na Gaeilge, nó 'an Chiberghaeltacht', áit a bhfuil an deis ag Gaeilgeoirí ar fud na cruinne an teanga a úsáid go laethúil. Tá blagadóirí eolach ar a chéile, agus bíonn siad ag cur tráchtanna ar a mblaganna nó ag leanacht leis an bplé ar Twitter. Mar sin, téann Gaeilgeoirí in aithne ar a chéile, agus bíonn neart teagmhála agus comhrá ar siúl ar líne. Freisin, tá tionchar ag blagadóirí ar na meáin óir bíonn níos mó muiníne ag daoine i ngnáthdhuine eile, seachas in iriseoirí. Thug Aonghus léirmheasanna ar litríocht na Gaeilge mar shampla - bíonn léitheoirí ag roinnt a dtuairimí ar leabhair nua ar a mblaganna, agus spreagann sin plé ar an litríocht i bhfoirm tráchtanna ar an leathanach blaga nó i bhfóraim eile. Cuireadh an cheist orm faoin gcaidreamh idir an bhlagadóireacht agus an litríocht, agus dúirt mé gur céim eile atá sa mblagadóireacht chun nua-litríocht a chur chun cinn, agus as sin tá seans ann go bhfaighidh scríbhneoirí óga an deis chun a gcuid saothar a chur i gcló. Cé go bhfuil do chuid scríbhneoireachta 'foilsithe' de réir an dlí ar bhlag, d'aontaigh chuile dhuine go bhfuil rud eicínt 'oifigiúil' ag baint le leabhar nó alt i nuachtán. Maím go dtugann an bhlagadóireacht an seans do dhaoine óga muinín a bheith acu ina gcuid scríbhneoireachta féin agus í á roinnt ar líne os comhair pobail fairsinge, áit a bhfuil léitheoirí á léamh agus á spreagadh. Ní hamháin go bhfuil an bhlagadóireacht mar chéim do dhaoine óga lena ngairm scríbhneoireachta, ach tá sí mar bhreisiú don litríocht freisin; tá blag ag Alex Hijmans ag gabháil lena leabhar Favela, le caibidle nua nó ábhair nua a bhaineann leis an leabhar á roinnt air. Tá beatha nua tugtha do leabhair fiú amháin agus iad le fáil i riocht eile ar líne; tá léitheoirí in ann dul i ngleic le leabhar le cuidiú meáin eile. Mar a mhol Aonghus, tá blagadóireacht ag chur litearthacht na Gaeilge chun cinn chomh maith leis an litríocht, agus rinne Alex cur síos ar bhlaganna "mar fhuinneoga ar shiopaí liteartha na Gaeilge."



D'aontaigh muid uilig go bhfuil cumhacht an idirlín ag neartú na Gaeilge agus ag tabhairt gutha do ghnáthmhuintir na Gaeilge. Luaigh Scott an nóisean de 'réaltacht mhéadaithe' (augmented reality), le huirlisí a thugann do dhaoine radharc nó taithí ar an bhfíor-domhan ar bhealach dhíreach (nó indíreach) trí mheán eicínt, cosúil le Skype. Cé nach féidir le Gaeilgeoirí an domhain a bheith i láthair lena chéile in aon áit amháin go fisiciúil, thig dóibh a bheith i dteagmháil lena chéile go láithreach trí chumhacht an idirlín, bíodh sin ar Skype, Twitter, Facebook, agus mar sin de. Mar shampla, níl cónaí orm sa nGaeltacht, ach le cuidiú na Blagtachta nó na Cibearghaeltachta, is féidir liom Gaeilge a úsáid mar theanga laethúil ar líne. Bhí pointe faoi sin ag duine eicínt sa lucht féachana, agus dúirt sé nach gcuidíonn sin leis an teanga labhartha - rith sé liomsa nach mbíonn an deis ag daoine an Ghaeilge a chloisteáil ar líne, ach céard faoi YouTube agus Vimeo? Nach féidir linn físeáin a dhéanamh mar chuid de bhlaganna, rud a bhíonns á dheánamh ag Scott cheana fhéin?

Leis an méid seo, is féidir a rá go bhfuil pobal na Gaeilge an-láidir ar an idirlíon. Cá bhfios, b'fhéidir go bhfuil todhchaí ann don Ghaeilge anois mar gheall ar an idirlíon! Ábhar dóchais atá sa dearcadh sin. I dteannta leis an mBlagtacht agus fóraim chomhrá Gaeilge eile, tá an grúpa Facebook "Gaeilge Amháin" againn, agus mar a dúirt Máire Burns ag an siompóisiam, is é pobal atá sa ngrúpa sin, Ciberghaeltacht ina labhraíonn chuile bhall Gaeilge. Agus GAEILGE AMHÁIN! Tá cosc ar an mBéarla go huile is go hiomlán sa ngrúpa seo, mar is cóir. Tá Máire an-dian leis an riail seo a chur i bhfeidhm, ag cosaint na Gaeilge, a mbeadh faoi bhagairt an Bhéarla i ngrúpaí eile. Déanann sí cur síos ar "Ghaeilge Amháin" mar thearmann don Ghaeilge, agus mar 'fhíorGhaeltacht'. Tá 835 ball ón ngach cearn den domhan sa ngrúpa faoi láthair, agus grúpa beo, bríomhar, idirghníomhach atá ann. Pléitear gach ábhar faoin ngrian, tugtar eolas ar fáil faoi imeachtaí a bhaineann leis an nGaeilge, agus cuirtear filíocht, prós, scéalta ar an mballa. Ní cheartaíonn éinne an Ghaeilge atá in úsáid ag duine eile, mar bíonn daoine ag foghlaim óna chéile, agus téann siad i dtaithí ar an teanga agus iad ag léamh na dea-Gaeilge á scríobh ag cainteoirí d'ardchaighdeán. Maíonn Máire nach cóir go leanfaidh daoine le "Gaeilge bhriste" - agus daoine i bhfochair na Gaeilge, tiocfaidh feabhas ar a scileanna teanga. Is ar ghnáthmhuintir na Gaeilge an teanga a chosaint agus a chaomhnú, agus is furasta sin leis an ngrá atá ag daoine dá dteanga. Bíonn Máire fhéin ag cur ranganna Gaeilge ar siúl trí Skype do dhaoine ar fud na cruinne freisin! Leanann sin leis an bpointe á chur agam thuas.

Ba mhór taithí na hócáide liom, óir bhraith mé mar chuid de phobal na Gaeilge i gceart don chéad uair. B'shin mise, i mo chathair fhéin, i measc Gaeilgeoirí eile ag a bhfuil an fhís chéanna is tá agam don teanga. Ní raibh aon ardnósachas ag baint leis an ócáid; cruinniú poiblí a bhí ann i ndáiríribh. Bhí fuinneamh ar leith sa seomra sin, agus táim ag ceapadh gur bhraith chuile dhuine go raibh an siompóisiam ag chur tús le rud eicínt... Cá bhfios?

No comments:

Post a Comment