Dé Céadaoin 21 Nollaig 2011

Cabaret Craiceáilte

Nuachtlitir déanta ag Tomaí Ó Conghaile - an-fhont!
So bhí mé thuas (nó thíos -- dar le Nicholas Williams...) i nGaoth Dobhair ag an deireadh seachtaine -- den chéad uair ariamh! Yep, chuala tú i gceart mé. Ní raibh mé i dTír Chonaill (ceart) ariamh. N'fheadar cén fáth... Ceapaim anois gur chóir dom bheith ann fada fada ó shin! Táim cairdiúil le roinnt Conallaigh, agus bíonn muid ag caint is ag comhrá ar Twitter agus araile. Bím ag éisteacht le Rónán Beo, agus bhí mé ag caint ar an gclár féin faoi bhlagadóireacht na Gaeilge ar ais i mí Dheireadh Fómhair. Cloisim an-chuid tráchtanna ar Thigh Hiúdaí már lár-ionad na nGael, agus bíonn roinnt plotáil á dhéanamh ag daoine ann ar son na cúise -- Réabhlóid na Gaeilge! (Tá muid i mbun na Ruabhlóide anois freisin, ach ní féidir mórán a rá faoi sin nó beidh orainn tú a mharú -- t' fhios agat a' bharraíocht cheana!) Chuir cara liom ón gciorcal comhrá i Sligeach scairt orm chun mé a chur ar an eolas go mbeadh an Cabaret ar siúl, agus bhraith mé gur mithid dom freastal air. Ní raibh mé go maith le gairid, bhí croí trom agus spiorad lag a'm, agus bhí spraoi ag teastáil uaim. Agus bhfuil fhios a'd, b' é an Cabaret díreach an rud a bhí de dhíth orm! 

Cé gur newbie Craiceáilte mise, bhraith mé díreach "sa mbaile" i measc an chomhluadair bhreá a bhí ann -- cuireadh fáilte mhór Chonallach romham, agus táim an-bhuíoch as. :) Bhí mé ag caint leis na carachtair áitiúla, agus thug siad aire dhom agus ba mhinic i rith na hoíche go ndúirt fear acu liom "'Bhfuil tú alright?" Aww. Ní raibh aire ag teastáil, óir b' oíche ar dóigh faoi stiúir Rónáin a bhí ann, leis an gceol agus daoine ag casadh amhrán; Na Bonny Men, An Crann Óg, Bríd Ní hIcí agus Doimnic Mac Giolla Bhríde ina measc. Cheannaigh mé an ceirnín nua ag Doimnic ag an gCabaret actually -- déanann sé cóiriú spéisiúil ar na hamhráin, lena ghuth traidisiúnta féin, na píobaí agus téaduirlisí. Cheapfá gur meascán aisteach é, ach oibríonn sé! Ar nós rud eicínt as an 19ú haois. Tá sé deacair dhom é a mhíniú... Feicim íomhánna i m'intinn agus mé ag éisteacht le ceol, agus samhlaím áit lom, gruaimeach dorcha, ach tá tinte á lasadh ann... Oícheanta Geimhrí. Boladh na móna. Corrdhuine amuigh, ach daoine eile i bhfolach i dtithe. Ha, rud eicínt cosúil leis "The Darkling Thrush" ag Thomas Hardy. Fánach, t' fhios a'm. Táim ag éisteacht leis an gceirnín anois agus mé ag clóscríobh. T' fhios a'd go bhfuil grá, scéalta agus amhráin le fáil sna tithe sin i mo shamhlaíocht... An saol ag leanacht ar aghaidh faoin dorchadas. In ainneoin an dorchadais. Grianstad an Gheimhridh inniu, tá an stuif sin ar m'intinn. Pééééé scéal é...

Bhí orm mo chluas a chur i dtiúin leis an mblas Ultach, agus cuireadh iontas orm nuair a chuala mé "Caidé mar atá thu" -- gheallfainn dhuit go raibh mé ag cloisteáil "Ciamar a tha thu" sa nGàidhlig! Dúradh liom go bhfuil an chanúint i nGaoth Dobhair go mór faoi thionchar na Gàidhlige, ach wow, ní raibh fhios a'm go raibh sé chomh láidir sin! Tá nascanna láidre idir an ceantar agus Alban, le daoine ag aistriú idir an dá háit thar na glúine. Bhí an áit feiliúnach dhomsa mar sin, agus bhí Alban le brath. [Osna] Neamh. Actually, bhí an deis a'm labhairt as Gàidhlig le cailín eile ann; bha sinn air ar dòigh ghlan, ach bhí daoine eile ag breathnú orainn sa mhéid is le rá "Céard the fuck a bhfuil sibhs on about?" Ha! Táim ag gáirí anois agus mé ag smaoineamh ar an iar-chóisir a bhí 'ainn! Bhí cúpla duine 'ainn i dtosach, agus ansin, shíl gang mór isteach, randomers agus píobaí uilleann ina measc! Lean leis an gceol, amhráin agus an chaint go maidin. 

An chuimhin leat an blag a scríobh mé i rith an tsamhraidh, agus bhí mé ag gearán faoin scoilt idir Gaeilgeoirí na gcathracha agus muintir na Gaeltachta? Ní raibh taithí iontach mhaith a'm sa nGaeltacht roimhe seo, agus caithfidh mé a admháil anois go raibh cuid de sin mar gheall air m' easpa muiníne fhéin. Bhí taithí i bhfad níos difriúla a'm i nGaoth Dobhair ná mar a bhí a'm sna Gaeltachtaí eile. Nílim ag iarraidh bheith maslach in aghaidh mhuintir na nGaeltachtaí eile, ar ndóigh! Ach... Bhraith mé go raibh muintir Thír Chonaill oscailte agus bhí atmaisféar breá neamhfhoirmiúil lán de spraoi ag an gCabaret. Ní raibh éinne ró-dháiríre agus ní raibh brú ann -- bhí daoine ann chun bualadh le chéile agus ceoltóirí nua a spreagadh, trí mheán na Gaeilge. Sin an aidhm a bhí ag Rónán agus an criú leis an gCabaret nuair a chuir siad tús leis sa mbliain 2008 -- sult a bhaint as an gcultúr atá againn, idir stuif sean-bhunaithe agus stuif nua, agus daoine óga a mhealladh chun na teanga gan an bagáiste a bhíonns ag baint le heagraíochtaí mar Chonradh na Gaeilge. Tá ag éirí leo, dar liom, agus molaim go croíúil do dhaoine óga dul chuig an gCabaret agus gheobhaidh siad misneach iontu féin agus sa teanga (aríst). 

D'fhéadfá a rá go raibh mé ag troid leis an teanga ar feadh píosa, agus bhraith mé chomh... N'fheadar. As áit, ar an imeall? Ó thaobh na Gaeilge dhe. Ach tá Rónán agus an criú th'éis misneach agus dóchas a thabhairt dom aríst.

Dála an scéil, ag tagairt don bhlag sin aríst; thug an méid a scríobh mé le tuiscint gur chóir cainteoirí na gcathracha leanacht lena gcaint fhéin, gan bheith buartha faoi chanúintí áirithe toisc nach as na ceantair sin iad agus go bhfuil canúintí nua á gcruthú sna cathracha. Cac iomlán. IS GÁ dúinn uilig aird a thabhairt ar na canúintí a mhaireann, nó beidh siad caillte go deo. Tá an-ghaois le fáil iontu. Admhaím anois (bhuel, bím i gcónaí á admháil seo, ach pé scéal é) go bhfuil an-chuid le foghlaim den teanga a'm fós, agus níl an meon iomlán Gaelach a'm go fóill mar gheall air sin. Tuigim an scéal anois mar gheall ar mo thaithí leis a' Ghàidhlig -- táim chun canúint Earra-Ghàidheil a fhoghlaim, toisc go bhfuil sí i mbaol agus tá sí fíor-álainn. Yum yum i mo bhéal, na fuaimeanna! D'fhoghlaim mé cúpla nathanna nó frásaí agus mé ag caint le Conallaigh, agus is seodra iad! B'fhéidir go dtarraingeoidh mé cúpla tréithe Ultacha isteach. An féidir leis sin a dhéanamh? Sin plé le haghaidh blaga eile! Bhí mé ag smaoineamh go mbeidh sé go maith aistriú go Gaeilge Thír Chonaill mar gheall ar an nGàidhlig... Ach bheadh an t-idirdhealú idir an dá theanga deacair a dhéanamh i m'intinn, agus tá sé deacair go leor mar atá! Nílim chun mo bhlas a athrú, agus braithim go bhfuilim ró-chompórtach anois le Gaeilge Connachtach chun mo rogha de chanúint a athrú. An bhfuil baol ann go mbeidh mé i mo turncoat Ultach? Beidh le feiceáil...

2 comments:

  1. (nó thíos -- dar le Nicholas Williams...)

    Aige atá an sean nós Gaelach, ambaist.

    Píosa deas.

    ReplyDelete
  2. Bhí mé féin i mbun léitheoireachta le haghaidh páipéir, bhfuil fhios agaibh, roimh dheireadh an téarma scoile seo a chuaigh thart, agus céard a gheobhfainn ach an t-amhrán seo thíos:

    http://books.google.com/ebooks/app#reader/vWgGAQAAIAAJ/GBS.PA102

    Sé "An Teanga Ġaeḋilge" an teideal atá air, agus ba fear as áit eicínt i gContae Mhaigh Eo a bhí fós ina Gaeltacht insan am sin (tús na fichiú haoise timpeall is) a chum an t-amhrán.

    M'anam ach gur spéisiúil an rud é go bhfearann sé gach fáilte roimh '[ṁ]ór-uaisle' Bhaile Átha Cliath san amhrán, roimh "na máiġistrí scoile" is roimh "[ṁ]únaḋ na Gaeiḋilge" agus é "ḋ'á sgapaḋ ar fud na hÉireann"—agus "ag díbirt ar náṁad ṫar sáile."

    Shílfeá mar sin go mbíodh gean go leor ag muintir na Gaeltachta ar 'mhór-uaisle' na cathrach tráth, in áiteacha ar chuma ar bith, agus gurb amhlaidh atá anois.

    Ach sén chaoi a bhfuil roinnt cosúlachtaí ag an amhrán seo leis na seanamhráin Sheacaibíteacha... Ní bheadh fhios agat mar sin an fíor bréag a chuid dóchasóireachta ... .ı. seans nár chreid sé féin inti go díreach.

    Ach ar chaoi ar bith tá sé ann!

    ReplyDelete