Dé hAoine 3 Feabhra 2012

Mairgneach fá Chaisleán na Glasdromainne/Ag Bruach Dhún Réimhe







Dhúisigh mé ar maidin agus chuala mé smólach ag ceiliúradh. Níl fhios a'm an t-ábhar leis seo, ach tháinig an dán/amhrán seo le Art Mac Cumhaigh i m'intinn. (Íomhá an smólaigh, is dócha!) Nuair a rinne mé cúrsa ar fhilíocht na haislinge ar an ollscoil, b' é Art Mac Cumhaigh an file is ansa liom. Tá sé suntasach gur tháinig seo chugam, óir táim gafa le traidisiún Oirialla agus Gaeilge Uladh fá láthair...







Ag bruach Dhún Réimhe ar uaigneas lae,
Ba shnuamhar géaga bláth-gheal,
Chualas géimneach chuantaí Éireann,
Agus fuaim sa spéir in áirde;
Bhí na duile 'teitheadh 's a gcúl le chéile,
Is gnúis na gréine báite,
Is slua na n-éan ag fuagradg scéil,
Le gruaim gur éag na cága.

Nár choíte mé 'mo luí i bpéin,
Go bhfuighinnse scéal an ábhair,
Nó an é críochnú an tsaoil mar mhíníos cléir,
A bhí 'triall ar Ghaeil an lá sin?
Bhí uafás gaoithe is fuaim san aer,
Le síor-chur laidhg is táirneach,
'S na hualaí éisc le gruaim gur éag
'Na gcuail ar thaobh na trágha.

Tráth chonaic mé an spéir 's gach ní faoin ghréin,
Is an saol faoi éiclips ábhal,
'Sé smaoineas féin gur mhithid damh teitheamh
Go dún na gcraobh 's na fáilte,
D'éirigh an smaolach cumhra le béalbhinn,
Aníos ar ghéagan láimh liom,
Is ba bhinne ná téada milse Orphéus
Ceiliúr an éin dob' áille.

“A smaolaigh chléibh, ó tchí tú féin
Gur cloíodh Sliocht Gael san áit seo,
Tabhair éirí léim i lúb an aeir,
Is beir sitheadh i gcéin thar sáile;
Mar 'bhfuighidh tú fréamh de ghaol Uí Néill
I dtíorthaibh tréan na Spáinne,
Agus aithris don mhéid a mhairfeas ón éag
Gur scaoil a n-aolchloch álainn.”

Tráth chualaidh an t-éan mé a' lua Síol Néill,
Le gruaim gur éirigh in áirde,
Bhí a sciatháin scaoilte síos go féar leis,
Is bhuail sé a thaobha go cráite,
Is dúirt gur buartha baoth mo scéal,
Ó chuaigh faoi liagaibh sparrtha,
Is má chuartaír féin na tuambaí céanna
Gurb ualach cré 'gus cnámh iad.

D'fhiafraíos féin de phlúir na n-éan,
Dob úire d'éanlaith phárthais,
Nár fhuagair sé an dún ba saibhre –
Creagán na gcraobh – le gárthaibh,
Nó an gcualaidh na tréanfhir dob uaisle 'Shíol Néill
Gur tuairngeadh saothar a lámhaibh,
'S iad a ruaigfeadh an méid seo uainn as Éirinn –
Sluaite Shéaghan is Mháirtín.

'Eoghan Rua, mo léan thú fuar i gcré,
'S tú ruaigfeadh an cheithearn ghallda,
'S gur fuadaíodh Féilim uasal tréitheach,
Go Cúigeadh Laighean dá bhású,
Tiarna Uíbh Éathach bhí ar uaislibh Gael,
Nó gur chríonaigh an t-éag a chnámha,
'S cá bhfuighfear a léithid arís chun féidhme,
Ó síneadh an méid seo i gclárthaibh.

“Go Tír Eoghain má théir, gheobhair pós is céad,
Is treorú an scéil go dáimhiúil,
Mar a bhfuil na laochra is dílse méin
Tá líofa tréitheach láidir”:
“Tá'n cháin seo réidh chun sásamh an té
'Bheir smál ar Ghaeil an lá seo,
Is a phlúir na n-éan, na humhlaigh don éag,
Nó go dtiofaidh Sliocht Néill dod thárrtháil.”

“Ó bhreoigh tú mé le glór do bhéil,
'S nach bhfoghthar le leigheas ón bhás mé,
Go Cóigeadh Laighean is cóir dúinn gléas,
Go Dún Uí Néill ar mársáil”;
“Ór na Gréige is stór na hÉiphte,
Is ceol na dtéad ar chlársaigh,
'S ní fhóirfeadh an méid sin, is foghaim go léir é,
A stóir, mura n-éagfainn láimh leat.”

Art Mac Cumhaigh 

An file ag caoineadh toisc go bhfuil Caisleán Uí Néill ar lár agus óigfhir an teaghlaigh thall sa Spáinn.
Príomháras mhuintir Néill an Fheadha a bhí i gCaisleán na Glasdromainne. Is cosúil nár tógadh é go dtí deireadh an 16ú haois. Rinneadh damáiste mhór dó i rith an chogaidh i 1642 agus chaill Sir Éinrí Ó Néill seilbh air i 1655. Tháinig an caisleán i seilbh Thomas Ball, an plandóir is mó de lucht leanúna Chromail a fuair talamh sa cheantar.
Sa bhliain 1711 fuair Pádraig Ó Murchú as Béal Coitín i nDeisceart Lú léas ar an Ghlasdromainn agus scrios sé an caisleán. I dtús na haoise seo is é an traidisiún a bhí beo gur úsáid sé na clocha le teach a thógáil agus píosa de bhóthar a dhéanamh. Sin an t-am a chum Séamas Mac Cuarta a dhán léanmhar, ag caoineadh "áras na seirce". Ní féidir go bhfaca Mac Cumhaigh níos mó ná fothracha an chaisleáin i 1750-70. Bhí siad ina seasamh go fóill sa chéad leath den 19ú haois agus tá siad luaite ag Donaldson, Upper Fews (1838) agus Nelson, MS. History of Creggan (1840). Níl rian ar bith den chaisleán a fheiceáil inniu, ach bhí sé suite ar an talamh carraigeach os cionn an locha.

(as Art Mac Cumhaigh: Dánta, eag. Tomás Ó Fiaich, An Clóchomhar, 1973)